LIMSwiki
Clár ábhair
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Feabhra 1949 75 bliana d'aois Béal Feirste, Northern Ireland |
Feisire de Pharlaimint na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Comhaontas Glas 20 Iúil 1999 – 20 Iúil 2004 Téarma parlaiminte: Cúigiú Parlaimint na hEorpa Toghcheantar: Laighean Toghadh i: toghchán Pharlaimint na hEorpa 1999 | |
Feisire de Pharlaimint na hEorpa | |
Ina hionadaí do: Comhaontas Glas 19 Iúil 1994 – 19 Iúil 1999 Téarma parlaiminte: Ceathrú Parlaimint na hEorpa Toghcheantar: Laighean | |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Strasbourg An Bhruiséil |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Comhaontas Glas |
Teangacha | Béarla |
Ba í Nuala Ahern feisire Eorpach an Chomhaontais Ghlais ó 1994 go dtí 2004, i dtoghlach Chúige Laighean.
Sa Chomhaontas Glas
Os rud é gur tógadh í ar leithinis Chuaille atá gar do Sellafield, bhí páirt mhór ag Nuala san fheachtas chun an t-ionad athphróiseála núicléach seo in Cumbria Shasana a dhúnadh. Bhí sí páirteach san fheachtas i 1979 chun stop a chur le plean an rialtais chun stáisiún cumhachta núicléiche a thógáil ag Ceann an Chairn i Loch Garman chomh maith.
Chuaigh Nuala isteach sa Chomhaontas Glas i 1989. Toghadh í ar dtús mar Chomhairle Contae Glas i gCill Mhantáin i 1991. Toghadh í gan choinne in éineacht le Patricia McKenna i mBaile Átha Cliath, i dtoghcháin Eorpacha 1994. D'éirigh sí as a shuíochán i 2004 [1] Curtha i gcartlann 2005-02-04 ar an Wayback Machine agus níor éirigh le hiarrthóir nua an Chomhaontais Ghlais, Mary White, an suíochán a choinneáil don pháirtí. Ba mhíbhuntáiste mór é don pháirtí sa toghchán áirithe sin, gur laghdaíodh uimhir na suíochán i dtoghlach Chúige Laighean, ó cheithre cinn go trí cinn.
Naisc Sheachtracha
- An Seansuíomh gréasáin ag Nuala Ahern Curtha i gcartlann 2016-03-10 ar an Wayback Machine