LIMSwiki
Contents
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Francis Harry Compton Crick |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 8 Meitheamh 1916 Northampton, England |
Bás | 28 Iúil 2004 88 bliana d'aois La Jolla, California |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse cholaireictach) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An tAindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | University College London Ollscoil Cambridge Mill Hill School (en) Coláiste Gonville agus Caius, Ollscoil Cambridge Northampton School for Boys (en) |
Comhairleoir dochtúireachta | Max Ferdinand Perutz |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Bitheolaíocht mhóilíneach, aigéad dí-ocsairibeanúicléasach, fisic, eolaíocht néarchórais, Bithfhisic agus géineolaíocht |
Gairm | bitheolaí, bitheolaí móilíneach, múinteoir ollscoile, bithfhisiceoir, bithcheimiceoir, fisiceoir, eolaí néarchórais, géineolaí, scríbhneoir |
Fostóir | Ollscoil Cambridge Salk Institute for Biological Studies (en) New York University Tandon School of Engineering (en) |
Ball de | Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí (comhalta iasachta de chuid Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí) (1969–) Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá An Eagraíocht Eorpach um Bitheolaíocht Mhóilíneach Acadamh na nEolaíochtaí Acadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina An Cumann Ríoga |
Mac/iníon léinn de chuid | Max Ferdinand Perutz agus Edward Collingwood |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Odile Crick |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
An tOllamh Francis Harry Compton Crick (8 Meitheamh 1916 - 28 Meitheamh 2004), fisiceoir, bitheolaí móilíneach agus néareolaí Sasanach. Tá cáil air mar gheall ar a fhionnachtain ar struchtúr an aigéid dí-ocsairibeanúicléasach ADN in éineacht le James Watson agus Maurice Wilkins.
Bronnadh an Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis orthu i 1962. Rosalind Franklin a chuir leis an tuiscint ar struchtúir móilíneach de ADN freisin.
Cosúil le teoiric chandamach Planck agus teoiric coibhneasachta Einstein, tá fionnachtain seo Watson is Crick ar na buanna is tábhachtaí in eolaíocht sa 20ú haois.
Saol
Thaispeáin Watson is Crick i 1953 gurb é a bhíonn i ngach móilin den DNA i ngach cill bhitheolaíoch ná dís tointemhóilíní (suas le 2 m ar fhad), gach ceann ina shaghas cóipe den cheann eile.[1]
Bíonn na tointí seo leagtha amach taobh lena chéile mar a bheadh dréimire ann, ach an dréimire casta ina chaslíne (an chaslíne dhúbailte) agus naisc idir núicléitídí ar na tointí ag feidhmiú mar rungaí. Is é ord na núicléitídí a litríonn na géinte sa DNA.
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.