LIMSpec Wiki
Clár ábhair
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (it) Leonardo di ser Piero da Vinci 15 Aibreán 1452 Anchiano (Poblacht Fhlórans) |
Bás | 2 Bealtaine 1519 67 bliana d'aois château du Clos Lucé (Ríocht na Fraince) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Rith fola ceirbreach) |
Áit adhlactha | Château d'Amboise |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Aindiachas |
Áit chónaithe | An Veinéis Flórans an Róimh Flórans Milano |
Teanga dhúchais | an Iodáilis |
Lámhcheannas | Ciotógacht |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ailtireacht na hAthbheochana, radharcagrafaíocht, innealtóireacht, fiseolaíocht agus péintéireacht |
Suíomh oibre | Amboise Milano An Róimh Mantova Flórans An Veinéis |
Gairm | péintéir, luibheolaí, ceimiceoir, fiseolaí, fisiceoir, cumadóir, míoleolaí, eolaí, scigealaíontóir, dearthóir, línitheoir, scríbhneoir, cumadóir, innealtóir sibhialta, fealsamh, réalteolaí, innealtóir, taidhleoir, anatamaí, dealbhóir, matamaiticeoir, ailtire, ileolaí, amharcealaíontóir |
Tréimhse oibre | ? – 1519 |
Fostóir | Ludovico Sforza (1482–1500) Cesare Borgia |
Seánra | Portráid, péintéireacht reiligiúnda agus ealaín reiligiúnach |
Gluaiseacht | An tArd-Renaissance agus An Renaissance |
Catalogue raisonné | Leonardo da Vinci: The Complete Paintings and Drawings (en) (2003) |
Mac/iníon léinn de chuid | Andrea del Verrocchio, John Argyropoulos agus Paolo dal Pozzo Toscanelli |
Mac/iníon léinn | Pontormo, Barthemely d'Francesco Melzi, Andrea Solari, Cesare da Sesto agus Salaì |
Teangacha | An Iodáilis |
Pátrún | Proinsias I na Fraince Lorenzo de' Medici (1477–) Ludovico Sforza (1482–) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Ser Piero da Vinci agus Caterina di Meo Lippi |
Ileolaí Iodálach ab ea Leonardo da Vinci (15 Aibreán, 1452 – 2 Bealtaine, 1519), a bhí ina eolaí, matamaiticeoir, innealtóir, cumadóir, eolaí anatamaíochta, péintéir, dealbhóir, ailtire, luibheolaí, ceoltóir agus scríbhneoir. Is beag duine i stair an domhain a bhí chomh cumasach leis. Ba dhuine é a bhí ‘i bhfad roimh a am’ gan amhras.[1]
Bíodh nach raibh a shaothar ealaíonta chomh líonmhar, bhain sé clú domhanda amach mar sin féin. Ar a shaothair is mó clú tá An Suipéar Déanach agus An Mona Lisa.
Saol
Mac dlíodóra, rugadh é i gceantar Vinci i bhFlórans i 1452 (i sráidbhaile beag darbh ainm Vinci).
Níl mórán ar eolas againn faoina shaol nuair a bhí sé óg. Ach nuair a bhí sé 14 bliana d’aois, thosaigh sé ag obair i stiúideo an ealaíontóra Verrocchio. Nuair a chonaic Verrocchio cé chomh cumasach agus a bhí Da Vinci, shocraigh sé ar phictiúr a dhéanamh i gcomhpháirt leis. Battesimo di Cristo nó Baisteadh Chríost an t-ainm atá ar an phictiúr sin. D’fhan Da Vinci sa stiúideo ag Verrocchio ar feadh 7 mbliana agus is ansin a d’fhoghlaim sé cuid mhaith den cheird s’aige.
Chaith sé an chuid eile dá shaol ag obair le healaíontóirí clúiteacha eile agus bhí sé cairdiúil leis na daoine mór le rá fosta, an Pápa san áireamh.
Phéinteáil sé An Suipéar Deireanach, pictiúr an-chlúiteach eile dá chuid, sa bhliain 1498, le feiceáil inniu i ndánlann i Milano. Faoin bhliain 1518 bhí an pictiúr ag meath cheana féin, áfach. Faoi 1670, bhí drochbhail ar fad air. In 1726, rinneadh é a athchóiriú, rud a chuidigh go mór lena shábháil. Tháinig meath air arís i lár an 20ú haois agus, mar gheall air sin, cuireadh tús le hathchóiriú eile nár críochnaíodh go dtí 1999.
B'iad na Medici na pátrúin ba fhlaithiúla agus ab aithnidiúla timpeall an ama seo. Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós da Vinci chun cinn faoina gcoimirce.[3]
Cúpla bliain i ndiaidh do Da Vinci An Suipéar Deireanach a phéinteáil, d’iarr fear saibhir air portráid dá bhean chéile a phéinteáil. An Mona Lisa a thugtar ar an phortráid sin agus tá sí ar an phortráid is cáiliúla dá chuid. Cuireann daoine spéis ar leith sa mheangadh bheag gáire atá ar aghaidh Mona Lisa a bhfuil mistéir éigin ag baint léi. Nuair a chuaigh Da Vinci chun na Fraince, bhronn sé an phortráid ar an tír sin agus is sa Louvre i bPáras atá sí anois.
Taighde
Ba nós le Da Vinci rudaí a chruthú. D’fhág sé cuid mhór de na smaointe a bhí aige ina dhiaidh i scríbhinní.
Chuir da Vinci i gcuntas a shaothar taighde — i leabhair nóta, a bhí lán de nótaí inspéise agus de léaráidí gléineacha, a bhí scríofa ón dtaobh dheas go dtí an taobh chlé i scríbhinn léargais.
Mar shampla, sa bhliain 1500, fuair Leonardo da Vinci amach gur ghluais fuaim i bhfoirm thonnta.[4]
Bhí anatamaíocht an choirp, fás an linbh sa bhroinn, dlíthe sruth, dlíthe eitilte, geolaíocht, fisic agus réalteolaíocht ar ábhair léinn an fhir iontach seo. Cheap sé paraisiút, inneall eitilte, agus fomhuireán chomh maith.
Eitilt
Nuair a bhí sé go fóill óg rinne Leonardo péintéireacht do dhuine saibhir, agus tugadh dornán maith airgid dó mar luach saothair. As go brách leis chun an mhargaidh chun éin bheaga i gcliabháin a cheannach.[5] Thug sé leis iad go barr cnoic, is cosúil, d’oscail na cliabháin, agus lig saor na créatúir.
Níos déanaí rinne Leonardo staidéar cruinn ar eitilt na n-éan, agus bhí sé cinnte go mbeadh duine ábalta eitilt lá éigin. Tá léaráid de rud éigin a bhí iontach cosúil le héileacaptar ina chuid chartlainne. Níor cruthaíodh an héileacaptar go dtí 1936, ach bhí sé in intinn Da Vinci na céadta bliain roimhe sin.
Bás
Stróc a thug a bhás is cosúil. Ní raibh sé ach 67 bliain d'aois. Tá sé curtha i Château d'Amboise sa Loire.
Leonardo in Éirinn
- Sa bhliain 2007, d’oscail an mórthaispeántas sa Leabharlann Chester Beatty: Leonardo: the Codex Leicester.[6] Cuireadh i láthair an phobail lámhscríbhinní cáiliúla eolaíochta Leonardo da Vinci a tháinig ar iasacht ó Bill Gates.
- Sa bhliain 2016, bhí sraith de dheich líníocht le Leonardo da Vinci ón mBailiúchán Ríoga ar taispeántas i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.[7] Roghnaíodh na líníochtaí seo chun scóip iontach na spéiseanna a bhí ag an ealaíontóir a thaispeáint, idir péintéireacht agus dealbhóireacht, innealtóireacht, zó-eolaíocht, luibheolaíocht, cartagrafaíocht agus anatamaíocht. Déantar ionadaíocht mhaith dá húsáid sciliúil de mheán éagsúil — peann agus dúch, cailceanna dearga agus dubha, uiscedhath agus pointe miotail.
Tagairtí
- ↑ cogg.ie. "Leonardo Da Vinci". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-23. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "The Baptism of Christ (Verrocchio and Leonardo)" (as en) (2020-02-27). Wikipedia.
- ↑ "Seoid na hAthbheochana" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-02.
- ↑ COGG (Céad bliain níos déanaí arís, ba é Martin Mersenne an chéad duine a thomhais luas fuaime in aer). "Eureka". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-18. Dáta rochtana: 2019.
- ↑ gaelscoiluineill.com. "Obair Bhaile". Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]
- ↑ Leabharlann Chester Beatty (2007). "Da Vinci". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ "Gailearaí Náisiúnta na hÉireann" (2016). Dáta rochtana: 2019.