HL7 Wiki
Clár ábhair
Grian | |||
---|---|---|---|
Cineál | G-type main-sequence star (en) | ||
Cineál speictreach (réalta) | G2V | ||
Réad tuismitheora | Galactic Center of Milky Way (en) | ||
Réad linbh | Mearcair Véineas an Domhan Mars crios astaróideach Iúpatar Satarn Úránas Neiptiún Crios Kuiper Makemake Plútón 4888 Doreen 4886 Kojima 4882 Divari 4871 Riverside 4889 Praetorius 4838 Billmclaughlin 4853 Marielukac 4924 Hiltner 4781 Sládkovič 4851 Vodop'yanova 4899 Candace 4891 Blaga 4879 Zykina 4824 Stradonice 4911 Rosenzweig 4892 Chrispollas 4855 Tenpyou 4869 Piotrovsky 4857 Altgamia 4885 Grange 4873 Fukaya 4840 Otaynang 4912 Emilhaury 4940 Polenov 4823 Libenice 4821 Bianucci 4815 Anders 4825 Ventura 4819 Gifford 4826 Wilhelms 4831 Baldwin 4890 Shikanosima 4870 Shcherban' 4861 Nemirovskij 4789 Sprattia 4779 Whitley 4806 Miho 4684 Bendjoya 4785 Petrov 4777 Aksenov 4783 Wasson 4682 Bykov 4794 Bogard 4700 Carusi 4788 Simpson 4787 Shul'zhenko 4675 Ohboke 4698 Jizera 4689 Donn 4699 Sootan 4694 Festou 4696 Arpigny 4680 Lohrmann 4693 Drummond 4811 Semashko 4813 Terebizh 4812 Hakuhou 4810 Ruslanova 4669 Høder 4643 Cisneros 4640 Hara 4638 Estens 4612 Greenstein 4634 Shibuya 4621 Tambov 4774 Hobetsu 4733 ORO 4623 Obraztsova 4624 Stefani 4636 Chile 4713 Steel 4665 Muinonen 4676 Uedaseiji 4670 Yoshinogawa 4739 Tomahrens 4550 Royclarke 4726 Federer 4525 Johnbauer 4745 Nancymarie 4766 Malin 4683 Veratar 4687 Brunsandrej 4681 Ermak 4667 Robbiesh 4685 Karetnikov 3971 Voronikhin 3991 Basilevsky 3986 Rozhkovskij 3856 Lutskij 4582 Hank 3974 Verveer 4530 Smoluchowski 3843 OISCA 3842 Harlansmith 4547 Massachusetts 3885 Bogorodskij 3880 Kaiserman 4563 Kahnia 4531 Asaro 4601 Ludkewycz 4704 Sheena 4747 Jujo 4740 Veniamina 4762 Dobrynya 4724 Brocken 4761 Urrutia 4728 Lyapidevskij 4735 Gary 4767 Sutoku 4751 Alicemanning 4664 Hanner 4671 Drtikol 4679 Sybil 4677 Hiroshi 4729 Mikhailmil' 4725 Milone 4734 Rameau 4717 Kaneko 4723 Wolfgangmattig 4727 Ravel 4533 Orth 4731 Monicagrady 4710 Wade 4705 Secchi 4508 Takatsuki 3954 Mendelssohn 3977 Maxine 3933 Portugal 3997 Taga 3932 Edshay 3984 Chacos 3961 Arthurcox 3876 Quaide 3882 Johncox 3898 Curlewis 3926 Ramirez 3952 Russellmark 3929 Carmelmaria 3966 Cherednichenko 3987 Wujek 3925 Tret'yakov 3947 Swedenborg 3959 Irwin 3996 Fugaku 3879 Machar 3837 Carr 3853 Haas 3867 Shiretoko 4522 Britastra 3886 Shcherbakovia 3980 Hviezdoslav 3852 Glennford 3828 Hoshino 3830 Trelleborg 3875 Staehle 4540 Oriani 4590 Dimashchegolev 3865 Lindbloom 3835 Korolenko 3863 Gilyarovskij 3871 Reiz 3791 Marci 3783 Morris 3756 Ruscannon 3817 Lencarter 3775 Ellenbeth 3760 Poutanen 3764 Holmesacourt 3779 Kieffer 3758 Karttunen 3819 Robinson 3703 Volkonskaya 3726 Johnadams 3640 Gostin 3602 Lazzaro 3684 Berry 3652 Soros 4070 Rozov 4504 Jenkinson 3955 Bruckner 3945 Gerasimenko 3944 Halliday 3943 Silbermann 3633 Mira 3642 Frieden 3700 Geowilliams 3728 IRAS 3682 Welther 3695 Fiala 3715 Štohl 3921 Klement'ev 3939 Huruhata 3981 Stodola 3964 Danilevskij 3995 Sakaino 3973 Ogilvie 3942 Churivannia 3970 Herran 3878 Jyoumon 3891 Werner 3677 Magnusson 3736 Rokoske 3599 Basov 3668 Ilfpetrov 3623 Chaplin 3696 Herald 3692 Rickman 3593 Osip 3698 Manning 3743 Pauljaniczek 3624 Mironov 3616 Glazunov 3732 Vávra 3690 Larson 3637 O'Meara 3938 Chapront 3937 Bretagnon 3941 Haydn 3688 Navajo 3922 Heather 3738 Ots 3909 Gladys 3826 Handel 3679 Condruses 3675 Kemstach 3739 Rem 3659 Bellingshausen 3716 Petzval 3786 Yamada 3685 Derdenye 3621 Curtis 3565 Ojima 3531 Cruikshank 3511 Tsvetaeva 3575 Anyuta 3601 Velikhov 3669 Vertinskij 3529 Dowling 3614 Tumilty 3530 Hammel 3578 Carestia 3589 Loyola 3371 Giacconi 3470 Yaronika 3433 Fehrenbach 3387 Greenberg 3383 Koyama 3366 Gödel 3518 Florena 3411 Debetencourt 3330 Gantrisch 3528 Counselman 3403 Tammy 3447 Burckhalter 3702 Trubetskaya 3454 Lieske 3243 Skytel 3561 Devine 3418 Izvekov 3332 Raksha 3249 Musashino 3404 Hinderer 3430 Bradfield 3373 Koktebelia 3517 Tatianicheva 3466 Ritina 3269 Vibert-Douglas 3264 Bounty 3291 Dunlap 3273 Drukar 3456 Etiennemarey 3521 Comrie 3537 Jürgen 3345 Tarkovskij 3441 Pochaina 3591 Vladimirskij 3390 Demanet 3446 Combes 3429 Chuvaev 3459 Bodil 3339 Treshnikov 3440 Stampfer 3263 Bligh 3571 Milanštefánik 3480 Abante 3336 Grygar 3358 Anikushin 3253 Gradie 3175 Netto 3252 Johnny 3168 Lomnický Štít 3118 Claytonsmith 3185 Clintford 2849 Shklovskij 3238 Timresovia 3260 Vizbor 3235 Melchior 3203 Huth 3194 Dorsey 3057 Mälaren 3090 Tjossem 3242 Bakhchisaraj 3217 Seidelmann 3191 Svanetia 3209 Buchwald 3159 Prokof'ev 3215 Lapko 2891 McGetchin 3126 Davydov 2978 Roudebush 3042 Zelinsky 3065 Sarahill 3119 Dobronravin 3155 Lee 3087 Beatrice Tinsley 3140 Stellafane 2884 Reddish 3131 Mason-Dixon 3100 Zimmerman 3075 Bornmann 2883 Barabashov 3085 Donna 2844 Hess 2967 Vladisvyat 2879 Shimizu 2922 Dikan'ka 2861 Lambrecht 2949 Kaverznev 2856 Röser 3204 Lindgren 2931 Mayakovsky 2878 Panacea 2832 Lada 2942 Cordie 2842 Unsöld 2925 Beatty 2990 Trimberger 2860 Pasacentennium 2877 Likhachev 2869 Nepryadva 2845 Franklinken 2853 Harvill 2881 Meiden 2983 Poltava 2916 Voronveliya 2035 Stearns 2577 Litva 4555 Josefapérez 4852 Pamjones 2810 Lev Tolstoj 2905 Plaskett 2745 San Martín 4772 Frankdrake 4881 Robmackintosh 2821 Slávka 2995 Taratuta 2833 Radishchev 4784 Samcarin 3727 Maxhell 2748 Patrick Gene 2343 Siding Spring 2285 Ron Helin 2392 Jonathan Murray 3797 Ching-Sung Yu 3117 Niepce 3795 Nigel 3833 Calingasta 3689 Yeates 4913 Wangxuan 3306 Byron 2834 Christy Carol 3412 Kafka 4661 Yebes 4943 Lac d'Orient 2744 Birgitta 2863 Ben Mayer 2874 Jim Young 2629 Rudra 2897 Ole Römer 2900 Luboš Perek 5998 Sitenský 4941 Yahagi 4949 Akasofu 3800 Karayusuf 4656 Huchra 3806 Tremaine 4576 Yanotoyohiko 4632 Udagawa 3296 Bosque Alegre 4878 Gilhutton 11792 Sidorovsky 21000 L'Encyclopédie 3737 Beckman 3270 Dudley 3402 Wisdom 4641 Ayako 4858 Vorobjov 4759 Åretta C/1811 F1 (Great comet) (30001) 2000 AU195 26P/Grigg-Skjellerup 11P/Tempel-Swift-LINEAR 32P/Comas Sola 21284 Pandion 65803 Didymos 13868 Catalonia 95962 Copito 134124 Subirachs 1998 SN165 96205 Ararat 72037 Castelldefels 57140 Gaddi 274301 Wikipedia 2004 PR107 202778 Dmytria (30003) 2000 AO236 (8404) 1995 AN 614470 Flordeneu (57626) 2001 TE165 1927 LA (482387) 2012 AD14 2012 CP8 2012 AD1 2013 GR 2012 KH8 2010 GB174 (en) 2008 KV2 2012 VP113 376574 Michalkusiak (486958) 2014 MU69 348407 Patkósandrás 420779 Świdwin 129109 (2004 XF32) (81522) 2000 HW7 (156810) 2003 BP49 333508 Voiture 369423 Quintegr'al 354659 Boileau 423205 Echezeaux 375043 Zengweizhou 332084 Vasyakulbeda 376029 Blahová 450931 Coculescu 328305 Jackmcdevitt 359103 Ottopiene 295472 Puy (523794) 2015 RR245 325369 Shishilov 333636 Reboul 336694 Fey 361183 Tandon 381458 Moiseenko 435552 Morin 369088 Marcus 293499 Wolinski 386622 New Zealand 308197 Satrapi 281772 Matttaylor 320153 Eglitis 302849 Richardboyle 337380 Lenormand 344641 Szeleczky 358894 Demetrescu 432361 Rakovski 418220 Kestutis 378721 Thizy 365761 Popovici 434453 Ayerdhal 341958 Chrétien 290074 Donasadock 361450 Houellebecq 337166 Ivanartioukhov 320880 Cabu 274856 Rosendosalvado 308856 Daniket 400308 Antonkutter 378669 Rivas 410619 Fabry 436048 Fritzhuber (514107) Kaʻepaokaʻawela Elon Musk's Tesla Roadster (en) C/2018 F4 (PANSTARRS) 541132 Leleakuhonua 2019 AQ3 2018 AG37 C/2019 Y4 (ATLAS) C/2020 F3 (NEOWISE) C/2020 F8 (SWAN) 2020 HA10 Ceres Haumea Eris Pallas Vesta 138P/Shoemaker-Levy 7 19P/Borrelly 101955 Bennu 102 Miriam (12300) 1991 RX10 Quaoar | ||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||
Fad ón Domhan | 1 AU | ||
Ga | 1 R☉[1] | ||
Leacú | 0 | ||
Dearbhmhéid | 4.83[2] | ||
Méid dhealraitheach (V) | −26.832 (banda V) | ||
Trastomhas uilleach | 32.15 ′ | ||
Achar dromchla | 6,090,000,000,000 km² | ||
Mais | 1,988,550 Rg | ||
Toirt | 1,410,000,000,000,000,000 km³ | ||
Meándlús | 1.408 g/cm³ | ||
Imtharraingt dromchla | 274 m/s² | ||
Miotalacht | 0.0122[3] | ||
Teocht an dromchla |
| ||
Lonrachas | 382,800,000,000,000,000 gigeavata | ||
Aois measta | 4.57 gigaannum (en) [4] | ||
Cuid de | An Grianchóras | ||
Le cuid |
Is í an Ghrian (siombail: ) an réalta is mó sa ghrianchóras. Tá an Domhan á timpeallú faoi 150 milliún ciliméadar di, agus glactar leis an meánfhad ón nGrian go dtí an Domhan mar aonad réalteolaíoch. Abhacréalta bhuí is ea an Ghrian, agus í comhdhéanta as an hidrigin, den chuid is mó.
Sroicheann an teocht ar dhromchla na Gréine tuairim is cúig mhíle céim Celsius, ach sa chroílár, áit a bhfuil an t-imoibreoir comhleá ag obair, tá sé i bhfad níos teo fós, mar atá, timpeall ar chúig mhilliún déag de chéimeanna Celsius.
Tá níos mó ná 99 % de mhais an Ghrianchórais comhchruinnithe sa Ghrian, agus is í an Ghrian a choinníonn an saol agus an bheatha ag imeacht ar dhroim an Domhain. Tugann an Ghrian an fuinneamh a chuireann na gaotha ag séideadh agus an aimsir ag athrú. Tríd is tríd, ní bheadh an domhan ann mar is eol dúinn é, ach go bé go bhfuil an Ghrian ann.
Cé go bhfuil an Ghrian i bhfad rógheal le go n-aithneodh súile an duine aon difríochtaí gile uirthi, is féidir le lucht eolaíochta spotaí a fheiceáil ar a dromchla nach bhfuil chomh geal lena dtimpeallacht. Tugtar grianspotaí ar na smáil seo. Tá baint acu le maighnéadas na Gréine, agus iad ag dul i bhflúirse agus i ngainne arís, de réir tréimhse aon bhliain déag.
Ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil sé an-dainséarach do na súile breathnuithe a dhéanamh ar an nGrian, agus go bhfuil modhanna oibre ar leith ag teastáil leis na dainséir a sheachaint.
Léargas achomair
Tá an Ghrian comhdhéanta as hidrigin (timpeall ar 74 % dá mais), héiliam (timpeall 24 %), agus iarsmaí beaga de dhúile níos troime. Baineann an Ghrian leis an aicme speictreach G2V. Ciallaíonn an litir G go bhfuil teocht a dromchla timpeall 5,500 K (nó timpeall 5,200 céim Celsius). Mar sin, tá dath bán inti go bunúsach, cé go bhfágann réscaipeadh an tsolais san atmaisféar blas buí uirthi. Is féidir a aithint ar línte speictreacha na Gréine go bhfuil miotail ann—idir adaimh neodracha agus iain—ach níl línte na hidrigine róláidir, ós rud é go bhfuil an chuid is mó den hidrigin ina plasma, ionas go dtáirgeann sí speictream leanúnach solais. Maidir leis an litir V, tugann sí le fios gur réalta de chuid an phríomhsheichimh atá i gceist, cosúil leis an gcuid is mó de na réaltaí. Is é is impleacht dó seo go dtáirgeann an Ghrian a cuid fuinnimh trí núicléis hidrigine a chomhleá go núicléis héiliam, agus go bhfuil sí i gcothromaíocht hidreastatach, is é sin, nach bhfuil sí ag fás ná ag crapadh. Tá níos mó ná 100 milliún réalta d'aicme G2 ar fud Bhealach na Bó Finne, ach san am céanna, is féidir a rá go bhfuil an Ghrian níos gile ná 85 % de réaltaí ár réaltra, nó is abhacréaltaí dearga an chuid is mó acu.
Tá an Ghrian ag timpeallú lárphointe Bhealach na Bó Finne, faoi 25,000—28,000 solasbhliain de, agus críochnaíonn sí imrothlú amháin in aghaidh 225 - 250 milliún bliain. Ar an bhfithis seo, tá an Ghrian ag cur 217 gciliméadar di in aghaidh uair an chloig, is é sin, aonad réalteolaíoch in aghaidh ocht lá, agus solasbhliain amháin gach míle ceithre chéad bliain.
Is é solas na Gréine an fhoinse fuinnimh is mó in aice le dromchla an Domhain. Is é tairiseach na Gréine an oiread cumhachta a chaitheann an Ghrian ar an achar atá nochta dá solas. Ar dhromchla an Domhain, is ionann tairiseach na Gréine agus thart ar 1,370 vata in aghaidh gach méadar cearnach. Is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go mbaineann atmaisféar an Domhain cuid den chumhacht den tsolas, agus mar sin, tá an luach praiticiúil níos gaire do mhíle vata in aghaidh an mhéadair chearnaigh. Cibé scéal é, tá go leor próiseas idir nádúrtha agus theicneolaíoch ann le leas a bhaint as an bhflúirse fuinnimh seo. Téann na plandaí i dtuilleamaí na fótaisintéise le cumhacht an tsolais ghréine a cheapadh agus a iompú ina foirm cheimiceach (ocsaigin agus comhdhúile dí-ocsaídithe carbóin). Is féidir leis an duine, arís, cealla gréine agus gléasra grianchumhachta a úsáid le teas nó leictreachas a bhaint as solas na Gréine. Maidir leis an bhfuinneamh a fhaightear as an bpeitreal nó as na breoslaí iontaisithe eile, níl ann go bunúsach ach an chumhacht chéanna a d'iompaigh na plandaí, anallód, ina foirm cheimiceach tríd an bhfótaisintéis.
Réalta den tríú glúine is ea an Ghrian, agus creidtear gur tonn turrainge ó ollnóva éigin a chuir an chéad tús léi mar réalta. Tá an grianchóras ar fad cuíosach saibhir i ndúile troma, mar ór agus úráiniam. Creideann na saineolaithe go gcruthaítear núicléis na ndúl trom i gcroílár na réaltaí móra a bhfuil i ndán dóibh pléascadh ina n-ollnóvaí, agus gurb iad na hollnóvaí a scaipeann na dúile seo ar fud an spáis.
Díol suime é an tionchar a imríonn solas na Gréine ar na neacha beo. An solas ultraivialaite, mar shampla, maraíonn sé miocrorgánaigh mar a bheadh frithsheipteán ann, agus mar sin, is féidir úsáid a bhaint as leis na baictéir a bhaint de na huirlisí saotharlainne. Tá an solas ultraivialaite in ann, fosta, griandó a fhágáil ar an duine agus, fiú, luas a chur le forbairt na hailse craicinn. Ón taobh eile de, cuidíonn sé le táirgeacht an vitimín D san orgánach daonna. Baineann atmaisféar an Domhain go mór mór den tsolas ultravialaite, rud a chiallaíonn go bhfuil an cineál seo radaíochta i bhfad níos láidre in aice an mheánchiorcail, agus na daoine níos duibhe ina gcraiceann, mar chosaint ar sholas na gréine.
Tá an Ghrian an-ghníomhach ó thaobh an mhaighnéadais de. Tá réimse maighnéadach na Gréine an-láidir, an-athraitheach, agus é ag déanamh iomlaoide ar an dá phol uair amháin in aghaidh gach aon bhliain déag. Torthaí do ghníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine is ea na grianspotaí, an ghrianghaoth, na bladhmanna, agus na saighneáin—is é sin, na soilse ar a dtugtar aurora borealis nó an chaor aduaidh. Cuireann stoirmeacha maighnéadacha na Gréine isteach ar an gcumarsáid raidió freisin. Creidtear go raibh an-pháirt ag gníomhaíocht na Gréine i gcruthú agus i bhforbairt an Ghrianchórais, agus inniu féin, imríonn an Ghrian an-tionchar ar an gcuid is faide amuigh d'atmaisféar an Domhain.
Cé gurb í an Ghrian an réalta is cóngaraí don Domhan, agus dianstaidéar déanta ag na saineolaithe uirthi leis na céadta bliain anuas, is iomaí ceist ina taobh nár freagraíodh go fóill. Mar shampla, cén fáth a bhfuil atmaisféar eachtrach na Gréine i bhfad níos teo ná a dromchla infheicthe (an fótaisféar)? Ar na cúrsaí is mó a gcuireann na saineolaithe spéis iontu inniu, tá tréimhse thráthrialta na ngrianspotaí, cruthú agus tréithe fisiceacha na mbladhmanna gréine agus na starraiceachtaí, an t-idirghníomhú maighnéadach idir an crómaisféar agus coróin na Gréine, agus bunús is cruthú na grianghaoithe.
Tréithe fisiceacha
Meánfhad ón Domhan: 149.6 x 106 ciliméadar (aon Aonad Réalteolaíoch amháin, de réir an tsainmhínithe)
Méid dhealraitheach: -26.8m
Dearbhmhéid: 4.8m
Aicme speictreach: G2V
Meánfhad ó lárphointe Bhealach na Bó Finne: timpeall ar 2.5×1017 ciliméadar, nó 26,000-28,000 solasbhliain
Tréimhse imrothlaithe timpeall ar lárphointe Bhealach na Bó Finne: 2.25-2.50×108 bliain
Treoluas: 217 ciliméadar in aghaidh an tsoicind ar an bhfithis timpeall ar lárphointe Bhealach na Bó Finne, 20 ciliméadar in aghaidh an tsoicind i gcomparáid leis na réaltaí eile sa chomharsanacht is cóngaraí
Meán-trastomhas: 1.392×106 ciliméadar, nó trastomhas an Domhain méadaithe faoi 109
Meán-imlíne: 4.373×106 ciliméadar, nó imlíne an Domhain méadaithe faoi 342
Oblátacht: 9×10−6
Achar an dromchla: 6.09×1012 ciliméadar cearnach, nó achar an Domhain méadaithe faoi 11,900
Toirt: 1.41×1018 ciliméadar ciúbach, nó toirt an Domhain méadaithe faoi 1,300,000
Mais: 1.988 435×1030 cileagram, nó mais an Domhain méadaithe faoi 332,946
Dlús: 1.408 g/cm³
Imtharraingt ar dhroim na Gréine: 273.95 m/s2, nó 27.9 g (tabhair faoi deara gur mar luasghéarú a thugtar an imtharraingt in iúl)
Treoluas éalaithe ar dhroim na Gréine: 617.54 km/s (treoluas éalaithe an Domhain méadaithe faoi 55
Teocht ar an dromchla: 5785 ceilvin (K), nó 5512 céim Celsius
Teocht sa choróin: 5 milliún ceilvin (5 MK)
Teocht sa chroílár: timpeall ar 13.6 míle ceilvin (13.6 MK)
Beatha agus Bás na Gréine
De réir na múnlaí ríomhairithe a úsáidtear inniu le haithris a dhéanamh ar fhás agus ar fhorbairt na réaltaí, tá an Ghrian timpeall 4.57 billiún bliain d'aois. Mar sin, tá sí leath bhealaigh ina héabhlóid mar réalta phríomhsheichimh. A fhad is a fhanfaidh sí ina réalta phríomhsheichimh, beidh sí ag táirgeadh fuinnimh trí núicléis hidrigine a chomhleá go núicléis héiliam. In aghaidh an tsoicind, iompaíonn an Ghrian breis is ceithre mhilliún tonna de dhamhna go fuinneamh i gcroílár na Gréine, le neoidríonónna agus radaíocht a dhéanamh. Beidh an Ghrian timpeall deich mbilliún bliain ina réalta phríomhsheichimh.
Níl an oiread sin maise sa Ghrian is go bpléascfadh sí ina hollnóva. Ina áit sin, iompóidh sí ina fathachréalta dhearg, agus na sraitheanna is faide amuigh á síneadh amach, de réir mar atá an hidrigin ag rith gann agus croílár na réalta ag crapadh isteach chuige féin. Tosóidh núicléis an héiliam á gcomhleá le chéile nuair a shroichfidh an teocht sa chroílár 3 x 108 K. Creidtear go bhfairsingeofar dromchla na Gréine chomh fada amach is go dtiocfaidh sé a fhad is atá fithis an Domhain inniu. San am céanna, is dócha go mbeidh an oiread sin maise (agus imtharraingthe) caillte ag an nGrian faoi seo is go mbeidh an Domhan á fithisiú níos faide amuigh. Mar sin, is féidir nach slogfaidh an Ghrian an Domhan, i ndiaidh an iomláin, ach is follasach nach mbeidh an Domhan ináitrithe, nó imeoidh uisce na bhfarraigí agus an t-atmaisféar féin ina ngal soip.
Nuair a bheidh tréimhse na fathachréalta deirge thart, fágfar na sraitheanna is faide amuigh den Ghrian ag foluain thart mar néal pláinéadach, is é sin, gásnéal atá ag timpeallú na Gréine cosúil leis na pláinéid. An chuid sa chroílár, áfach, mairfidh sí ag soilsiú thar na mílte milliún bliain ina habhacréalta bhán, agus í ag fuarú de réir a chéile.
Sin é an cineál forbairt atá i ndán don Ghrian, chomh maith leis na réaltaí beaga agus na réaltaí meánmhéide go léir.
Struchtúr na Gréine
Réalta mheánmhéide is ea an Ghrian, ach tá thart ar 99 % de mhais iomlán an Ghrianchórais comhchruinnithe inti. Tá an Ghrian an-chóngarach don sféar foirfe ina cosúlacht agus ina déanamh, nó níl sí ach timpeall ar naoi milliúnú cuid ar oblátacht. Is é is ciall dó sin nach bhfuil ach difríocht deich gciliméadar idir a trastomhas polach agus a trastomhas meánchiorclach. Tá an Ghrian ag casadh thart ar a hais, ach níl gach cuid den réalta ag casadh ar aon luas le chéile, nó críochnaíonn na réigiúin pholacha aon rothlú amháin in aghaidh an chúig lá déag is fiche, nuair nach bhfuil tréimhse rothlaithe an mheánchiorcail ach cúig lá fichead. Cruthaíonn an rothlú seo fórsa áirithe lártheifeach, ach tá imtharraingt na Gréine i bhfad níos mó. Níl mórán tábhachta leis na fórsaí taoidmheara sa Ghrian ach an oiread, cé go bhfuil an Ghrian féin ag imrothlú mheáchanlár an Ghrianchórais. Tá an meáchanlár sin suite taobh istigh den Ghrian, ach tá sé an-chóngarach dá dromchla. Is í mais Iúpatair is mó a tharraingíonn an lárphointe sin i leataobh ó lárphointe na Gréine féin.
Ní féidir a rá go neamhdhébhríoch cá bhfuil dromchla na Gréine. Tá dlús an gháis ag dul i laghad go heaspónantúil de réir mar atáthar ag dul amach as croílár na Gréine. Mar sin féin, is féidir a lán a rá faoi struchtúr inmheánach na Gréine. Is gnách a cheapadh gurb é ga na Gréine an fad óna lárphointe go himeall an fhótaisféir. Is é an fótaisféar an dromchla mar a fheictear dúinn féin é. Taobh istigh den fhótaisféar, níl an gás trédhearcach, agus taobh amuigh de, tá. Tá an chuid is mó de mhais na Gréine taobh istigh de seacht ndeichiú cuid dá ga.
Ní féidir staidéar a dhéanamh ar chroílár na Gréine go díreach, nó ní ligeann an Ghrian aon chineál radaíocht leictreamaighnéadach tríthi. Tá na saineolaithe ábalta, áfach, a gcuid conclúidí a bhaint as an dóigh a mbíonn brúthonnta ón taobh istigh ag croitheadh an taobh amuigh den Ghrian. Tugtar heiliseismeolaíocht ar an gcineál seo taighde, ó tá sé cosúil leis an dóigh a mbaineann na seismeolaithe tátal agus tuiscint as na fuaimthonnta a bhíonn ag dul tríd an Domhan le linn na dtalamhchreathanna.
Croílár na Gréine
Creidtear go síneann an croíleacán aon chúigiú cuid de gha na Gréine amach ón lárphointe. Tá an damhna istigh ansin 150 oiread níos dlúithe ná an t-uisce, agus é 13,600,000 céim Celsius ar teocht. Mar sin, tá sé i bhfad Éireann níos teo ná dromchla infheicthe na Gréine, nach bhfuil ach timpeall ar cúig mhíle go leith céim Celsius ar teocht. Istigh ansin, tá an fuinneamh á tháirgiú ag an gcineál comhleá núicléach ar a dtugtar "slabhra prótón-prótón". Is é an rud a thiteann amach ansin, go bunúsach, ná go gcomhleáitear dhá phrótón go deoitéarón amháin, is é sin, núicléas hidrigine troime, ina bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin. Mar sin, iompaítear ceann de na prótóin ina neodrón, agus sa teagmháil seo, cruthaítear posatrón amháin (le fáil réidh le lucht leictreach deimhneach an phrótóin a iompaítear ina neodrón) agus neoidríonó amháin mar sheachthorthaí. Na deoitéaróin a dhéantar ar an dóigh seo, déanann siad comhleá le prótón amháin, agus ansin, cruthaítear núicléas héiliam. Ní gnáth-héiliam atá ann go fóill, áfach, ach núicléas de chuid an iseatóip is éadroime den héiliam, ós rud é nach bhfuil ach aon neodrón amháin ann agus é greamaithe de dhá phrótón. Is é an chéim dheireanach den imoibriú seo go gcomhleáitear dhá núicléas den héiliam éadrom seo, ionas go bhfaightear núicléas de chuid an ghnáth-héiliam—dhá neodrón agus dhá phrótón—agus an dá phrótón eile á scaoileadh saor arís.
Sa chroílár amháin atá an comhleá ag dul ar aghaidh. Ní tháirgeann an chuid eile den Ghrian fuinneamh ar bith, níl sí ach ag aistriú an fhuinnimh agus an teasa as an gcroílár. An fuinneamh a tháirgítear sa chroílár, caithfidh sé dul trí chiseal i ndiaidh cisil leis an bhfótaisféar a bhaint amach agus éalú ón nGrian i bhfoirm solais nó radaíochta eile, nó i bhfoirm an fhuinnimh chinéitigh atá ag tiomáint cáithnín éigin.
In aghaidh an tsoicind, iompaítear an oiread de dhamhna ina fhuinneamh sa Ghrian, ar meán, agus gurb ionann é agus seacht míle billiún buama adamhach den chineál a phléasc i Hiroshima i ndeireadh an dara cogadh domhanda. Tá luas an chomhleáite ag brath go mór mór ar dhlús an damhna, agus mar sin, cothromaíocht atá ann a cheartaíonn í féin: má ghéaraíonn an comhleá a luas, rachaidh an croílár i bhfairsinge, ionas go n-éireoidh an damhna níos tanaí, agus an t-imoibriú ag éirí níos moille dá réir. Má mhoillíonn an t-imoibriú an iomarca, áfach, crapfaidh an croílár isteach chuige, agus é ag éirí níos dlúithe. Ansin, rachaidh an teocht in airde, agus luas nua ag teacht ar an imoibriú dá réir. Cinntíonn an cineál seo rialú aisfhotha nach baol dúinn ardú ná ísliú tobann a theacht ar ráta an fhuinnimh ghréine a shroicheann sinn.
Na fótóin ardfhuinnimh, is é sin, na X-ghathanna agus na gáma-ghathanna, bíonn siad an-mhall ag teacht as croílár na Gréine go dtí an fótaisféar, agus an oiread corthaí a chuirtear ina mbealach. Níl na saineolaithe féin ar aon fhocal cé chomh sciobtha a thagann na fótóin seo a fhad leis an dromchla, ach bíonn na meastacháin ag guagaíl idir 50 milliún bliain agus 17 míle bliain. Nuair a thiocfaidh na fótóin tríd an gciseal comhiompair, is féidir leo an réalta a thréigean i bhfoirm an tsolais infheicthe. Na gáma-ghathanna a chruthaítear i gcroílár na Gréine, meiltear go solaschandaim iad le linn iad a bheith ag déanamh a mbealaigh tríd an réalta. Na neoidríonónna a chruthaítear, áfach, ní bhíonn mórán idirghníomhaíochta ar siúl idir iad agus an damhna, agus mar sin, éalaíonn siad as an nGrian sciobtha go leor.
Crios na Radaíochta
Sa chiseal atá suite idir dhá dheichiú cuid agus seacht ndeichiú cuid de gha na Gréine, tá an damhna chomh te agus chomh dlúth is gurb í an radaíocht theirmeach a iompraíonn an fuinneamh ón gcroílár i dtreo an dromchla.
Crios an Chomhiompair
Idir crios na radaíochta agus an fótaisféar, tá crios an chomhiompair. Anseo, níl an damhna chomh dlúth, nó chomh te, is go bhféadfadh an radaíocht theirmeach an fuinneamh a iompar. Is é an rud atá ar siúl anseo ná an comhiompar. Is é sin, tá an damhna ag éirí ina cholúin theirmeacha ó chrios na radaíochta go dtí an fótaisféar. Sna grianghrafanna, aithnítear an comhiompar seo ar chosúlacht ghránaithe an fhótaisféir. An damhna a fhuaraíonn san fhótaisféar, titeann sé isteach arís i dtreo chrios na radaíochta, le tuilleadh fuinnimh a ghlacadh ansin. Nuair a théifidh sé suas, éireoidh sé go dtí an fótaisféar arís.
An Fótaisféar
Is é an fótaisféar dromchla infheicthe na Gréine, agus an chuid den Ghrian faoina bhun, tá sí teimhneach a fhad agus atá an gnáthsholas i gceist. Taobh thuas den fhótaisféar, is féidir don tsolas an Ghrian a fhágáil agus scaipeadh amach sa spás, ionas go gcailleann an Ghrian an fuinneamh atá sé a iompar. Tá an fótaisféar na scórtha ciliméadar, nó fiú na céadta ciliméadar ar tiús, agus an damhna ag éirí níos trédhearcaí de réir is mar atá sé ag éirí níos scaipthe. Go bunúsach, tá an fótaisféar beagáinín níos teimhní ná atmaisféar an Domhain.
Tá speictream an dúchoirp ag an nGrian, a bheag nó a mhór - is é sin, speictream leanúnach, agus í ag astú solais ag gach tonnfhad, ionas go bhfuil gach dath le fáil i solas na Gréine. Air seo a aithnítear go bhfuil an fótaisféar timpeall sé mhíle ceilvin ar teocht. Tá línte dorcha ionsúcháin fágtha ar an speictream ag na dúile in atmaisféar na Gréine—"línte Fraunhofer", mar a thugtar orthu, as an eolaí ba thúisce a chuir sonrú iontu.
Is é is cúis leis na línte seo ná gur dual do gach dúil cheimiceach gan solas a astú ná a ionsú ach ag minicíochtaí nó tonnfhaid áirithe. Mar sin, is féidir na dúile atá ar fáil in atmaisféar na Gréine a aithint ar na línte seo. Sa bhliain 1868, thug Norman Lockyer faoi deara go raibh línte ansin nach raibh ag freagairt d'aon dúil aithnidiúil. Is é an tátal a bhain sé as an mbreathnú seo ná go raibh dúil nua i gceist, agus bhaist sé "héiliam" ar an dúil seo, ós é helios an focal Gréigise a chiallaíonn "grian". Cúig bliana fichead ina dhiaidh sin, d'aonraigh na saineolaithe an héiliam ar an Domhan.
Atmaisféar na Gréine
Na codanna den Ghrian atá suite os cionn an fhótaisféir, is gnách a rá gurb iad atmaisféar na Gréine iad. Is féidir taighde a dhéanamh orthu le teileascóip nó le gléasanna cianradhairc atá ag obair i raon ar bith den speictream leictreamaighnéadach, ó na radathonnta go dtí an solas infheicthe agus ón solas infheicthe go dtí na gáma-ghathanna. Is féidir cúig limistéar éagsúla a aithint in atmaisféar na Gréine, mar atá, íosmhéid na teochta, an crómaisféar, an réigiún trasdultach, an choróin, agus an héilisféar. Síneann an héilisféar amach thar fhithis Phlútóin a fhad leis an héileastad, áit a bhfuil an meán idir-réaltach agus an héilisféar ag bualadh faoina chéile. Tá an crómaisféar, an réigiún trasdultach, agus an choróin i bhfad níos teo ná an fótaisféar, agus níl a fhios ag na réalteolaithe féin cén fáth.
Is é an ciseal is fuaire ná réigiún íosmhéide na teochta, thart ar leathmhíle ciliméadar os cionn an fhótaisféir. Titeann an teocht anseo go 4,000 ceilvin, a bheag nó a mhór. Tá sé chomh fuar is gur féidir do mhóilíní simplí ceimiceacha, ar nós an uisce agus aonocsaíd an charbóin, maireachtáil anseo, rud atá le haithint ar an speictream ionsúcháin.
Taobh thuas de chiseal íosmhéid na teochta, tá ciseal nach bhfuil ach dhá mhíle ciliméadar ar tiús, agus tugtar crómaisféar, nó liathróid na datha, ar an réigiún seo. Feictear an crómaisféar mar chineál bladhm dhaite díreach i dtús nó i ndeireadh urú iomlán na Gréine. Is é uachtar an chrómaisféir an chuid is teo de, nó sroichtear teocht céad míle ceilvin sa chuid is airde thuas de.
Os cionn an chrómaisféir atá an réigiún trasdultach, ina bhfuil an teocht ag éirí go sciobtha ón gcéad míle ceilvin go dtí an milliún ceilvin sa choróin. Is ar éigin is féidir a rá go mbeadh an réigiún trasdultach suite in airde áirithe ón gcrómaisféar; is fearr a rá gur cineál luan é lastuas de na spícíní agus na filiméid a aithnítear sa chrómaisféar. Le taighde a dhéanamh ar an réigiún trasdultach, ní mór gléasra a chur sa spás atá in ann an chuid is lú tonnfhad den radaíocht ultravialaite a aithint.
Is í coróin na Gréine an chuid is faide amuigh d'atmaisféar na Gréine, agus í i bhfad níos toirtiúla ná an Ghrian féin. Ní féidir teorainn shoiléir a shocrú idir an choróin agus an ghrianghaoth a shroicheann gach cearn den ghrianchóras féin. Tá teocht na corónach an-ard, roinnt milliún ceilvin. Cé nach bhfuil an teocht ard seo mínithe go sásúil go fóill, dealraíonn sé gur cuid den mhíniú í an idirghníomhaíocht idir réimsí maighnéadacha éagsúla - an t-athnascadh maighnéadach, mar a thugtar air.
Taobh amuigh den choróin atá an héilisféar. Sroicheann an héilisféar teorainneacha an Ghrianchórais féin, agus is é an héileastad, timpeall ar 50 aonad réalteolaíoch ón nGrian, deireadh an héilisféir. Iompaíonn an héilisféar an ghrianghaoth go dtí an héileastad, áit a mbuaileann sí faoin meán idir-réaltach, is é sin, an cineál damhna atá amuigh sa spás idir na grianchórais éagsúla. An spástaiscéalaí úd Voyager 1 a scaoileadh chun bealaigh sa bhliain 2004, chuaigh sé thart le fronta turrainge i ndeireadh na bliana 2004 a bhfuiltear ag dearcadh air mar chuid den héileastad. Is é sin, is é an fronta turrainge seo an áit a bhfuil an ghrianghaoth ag sroicheadh an mheáin idir-réaltaigh, mar a chreidtear. D'aithin an dá Voyager leibhéal fuinnimh na gcáithníní ina dtimpeall ag dul in airde agus iad ag teacht i gcóngar don fhronta.
Gníomhaíocht na Gréine
Na Grianspotaí
Má chuirimid scagaire den chineál cheart idir sinn agus an Ghrian, ar dhóigh is go bhfuilimid in ann breathnuithe a dhéanamh ar an nGrian gan radharc ár súl a chailleadh, is é an chéad chineál mionsonraí a aithneoidh muid ná na grianspotaí. Tá na spotaí seo níos fuaire ná a dtimpeallacht, rud a fhágann go bhfuil cuma níos dorcha orthu. Sna grianspotaí, tá an maighnéadas ag dul i méadaíocht agus an comhiompar ag dul i laige dá réir. Cuireann an maighnéadas le teocht na corónach, ionas go gcruthaítear réigiúin ghníomhacha. Sna réigiúin seo a bhíonn na bladhmanna ar bharr lasrach agus an damhna ag éalú ón gcoróin. Is féidir do na grianspotaí bheith ar aon mhéid leis an Domhan féin.
Bíonn na grianspotaí ag flúirsiú agus ag tréigean de réir thréimhse aon bhliana déag, a bheag nó a mhór, ar a dtugtar grianchiogal. Nuair a shroicheann an grianchiogal pointe a laige, ní bhíonn ach an corrspota le feiceáil, agus iad féin in aice leis na poil. Agus an grianchiogal ag teacht ar aghaidh, feictear na spotaí ag dul i bhfairsinge agus á leathadh a fhad le meánchiorcal na Gréine. Bíonn na grianspotaí ag teacht ina ndíseanna, agus leathspotaí gach díse ina bpoil mhaighnéadacha chontrártha dá chéile.
Tá tionchar ag na grianspotaí ar "aimsir" an spáis, cosúil leis na stoirmeacha maighnéadacha agus an radaíocht, agus creidtear go bhfuil baint nach beag acu le haimsir ár nDomhain féin. Bíonn sé níos fuaire ná is gnách ar an Domhan le linn laige na ngrianspotaí, agus má bhíonn an grianchiogal ag teacht i gcrann go mall, beidh sé níos teo thall anseo. Sa seachtú haois déag, d'imigh na grianspotaí go hiomlán, beagnach, ar feadh i bhfad ("Íosmhéid Maunder"), agus buaileadh an Eoraip le fuacht fada ar a dtugtar “an oighearaois bheag”.
Tagairtí
- ↑ Ráite i: Extrasolar Planets Encyclopaedia. Extrasolar Planets Encyclopaedia exoplanet ID: ka_epaoka_awela--7323. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla.
- ↑ URL tagartha: http://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/sunfact.html. Foilsitheoir: NASA. Dáta rochtana: 31 Lúnasa 2014.
- ↑ Martin Asplund (2007). "The new solar abundances - Part I: the observations": 76-79. doi: .
- ↑ Helmut Schlattl (Lúnasa 2002). "The age of the Sun and the relativistic corrections in the EOS" (as Béarla) (3): 1115–1118. doi: .
An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|