Clinfowiki
Clár ábhair
| |
Cineál | earnáil eacnamaíochta, cineál teicneolaíochta, brainse den ríomheolaíocht agus cineál intleachta |
---|---|
Tuilleadh eolais | |
Stack Exchange | Nasc |
CA. Subreddit | artificial |
| |
Is éard is intleacht shaorga (IS)[1] ann ná córais ríomhaireachta ar féidir fadhbanna casta a réiteach, patrúin a aithint, agus comhairlí a chinneadh leo nach féidir a dhéanamh de ghnáth ach le hintleacht dhaonna, le hairíonna cosúil le foghlaim, asbheirt, imfhios is féincheartú.
Is é a bhíonn i gceist ná aithris a dhéanamh le ríomhairí, an oiread agus is féidir, ar na próisis dhaonna intinne seo.
Cuimsíonn an t-ábhar brainsí éagsúla den ríomheolaíocht: cibirnitic, córais bunaithe ar eolas, próiseáil teanga nádúrtha, aithint ghutha, aithint phatrún, is róbaitic, agus go dtí seo tá an-dul chun cinn déanta i gcórais shaineolacha.
Meascán mearaí
Cuirtear gach blúire den bhuneolas ar ábhar áirithe — airgeadas, míochaine, dlí nó eile — i gclár ríomhaire, agus cuirtear cláir leis sin chun socruithe áirithe a dhéanamh i gcásanna éagsúla.[2] Bhain lucht bunaithe ChatGPT úsáid as 183,000 leabhar, na billiúin leathanach idirlín agus go leor foinsí eile sula raibh an áis intleachta saorga sin ábalta abairtí a chur le chéile a raibh ciall leo.
Bíonn sé an-deacair teanga a mhúineadh do IS mar gheall go mbíonn a cuid nósanna aisteacha agus a bealaí beaga féin ag gach teanga.[3]
An Ghaeilge
Mar gheall ar a laghad cainteoirí agus scríbhneoirí maithe Gaeilge atá ann, bíonn teacht ag lucht forbartha uirlisí IS i nGaeilge ar i bhfad Éireann níos lú foinsí ná mar a bhíonn ar fáil i mBéarla. Fadhb í seo mar dá mhéid sonraí atá ann is ea is sofaisticiúla na huirlisí. Bheadh IS as Gaeilge ag brath ar pé ábhar atá ann cheana féin a léireodh an caighdeán ceart agus an méid a mbeifeá ag súil leis.[4][3]
Scoileanna
Is féidir cás a dhéanamh srian a chur leis an intleacht shaorga i scoileanna, mar atá déanta sa tSualainn. Ach má ghlactar leis gur mó na buntáistí ná na míbhuntáistí a bhaineann leis an IS san oideachas, tá dúshláin ar leith ag baint le córas oideachais dátheangach na hÉireann.
"Ard-Intleacht na Gaeilge"
Fógraíodh próiseas tairisceana ag Údarás na Gaeltachta in 2024 chun forbairt a dhéanamh ar uirlis don Ghaeilge a bheidh bunaithe ar an intleacht shaorga. Tá sé i gceist ag an tionscadal ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’ uirlis a fhorbairt faoi dheireadh 2026 a chuirfidh seirbhísí cainte AI Gaeilge go Gaeilge ar fáil.[5]
Féach freisin
Tagairtí
- ↑ i mBéarla, artificial intelligence nó AI
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Intleacht shaorga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 373.
- ↑ 3.0 3.1 "An baol ann go bhfágfaidh forbairt an AI scoileanna lán-Ghaeilge ar an trá fholamh – saineolaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-04). Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ Michał Wieczorek, Eamon Costello (M.F. 2024). "AI tools could revolutionise education but leave Gaelscoileanna behind" (en). The Irish Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-02. Dáta rochtana: 2024-09-25.
- ↑ "An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge foilsithe ag an Rialtas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-09). Dáta rochtana: 2024-10-14.