Cathair mhór mheitreapholaiteach ar Oileán Thuaidh Aotearoa is ea Tāmaki Makaurau[1]. Tá daonra uirbeach de thart ar 1,478,800 ann (Meitheamh 2023).Tá sí suite san mór-Réigiún Tāmaki Makaurau, an limistéar atá á rialú ag Te Kaunihera o Tāmaki Makaurau (Béarla: Auckland Council), a chuimsíonn ceantair thuaithe imeallacha agus mhurascaill Tīkapa Moana (Béarla:Hauraki Gulf),
agus a bhfuil daonra iomlán de 1,739,300 ann ó mhí an Mheithimh 2023. Is í an chathair is mó daonra sa tír agus an cúigiú cathair is mó san Aigéine.