Type a search term to find related articles by LIMS subject matter experts gathered from the most trusted and dynamic collaboration tools in the laboratory informatics industry.
Ainmnithe in ómós | Rollin' Stone (en) |
---|---|
Baill | |
Colin Golding ( - ). Ceoltóir Bill Wyman (Lewisham, 24 Deireadh Fómhair 1936 - ). Giotáraí Ian Stewart (Baile na h-Uaimh, 18 Iúil 1938 - Londain, 12 Nollaig 1985). Ceoltóir Carlo Little (Londain, 17 Nollaig 1938 - Cleadon, 6 Lúnasa 2005). Drumadóir Charlie Watts (Londain, 2 Meitheamh 1941 - Londain, 24 Lúnasa 2021). Drumadóir Brian Jones (Cheltenham, 28 Feabhra 1942 - Cotchford Farm (en) , 3 Iúil 1969). Giotáraí Dick Taylor (Dartford, 28 Eanáir 1943 - ). Giotáraí Mick Jagger (Dartford, 26 Iúil 1943 - ). Aisteoir Keith Richards (Dartford, 18 Nollaig 1943 - ). Léiritheoir ceirníní Ricky Fenson (Chopwell, 22 Bealtaine 1945 - ). Ceoltóir Ronnie Wood (Londain, 1 Meitheamh 1947 - ). Giotáraí Mick Taylor (Welwyn Garden City, 17 Eanáir 1949 - ). Giotáraí Darryl Jones (Chicago, 11 Nollaig 1961 - ). Dordóir | |
Sonraí | |
Leasainm | World's Greatest Rock 'n' Roll Band, World's Greatest Rock and Roll Band agus World's Greatest Rock Band |
Cineál | banna ceoil racbhanna |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1962, Dartford |
Bunaitheoir(í) | Brian Jones |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1962 – |
Úsáideann sé/sí | Nanker Phelge (en) The Glimmer Twins (en) Rolling Stones logo (en) |
Lipéad ceoil | Polydor Records ABKCO Records Rolling Stones Records Decca Records Interscope Records Warner Music Group Atlantic Records Virgin Records Columbia Records London Recordings |
Seánra | Rac-cheol, gormrac, rac sícideileach, ceol rithim agus gormacha, rac is roll, na gormacha agus rac clasaiceach |
Gluaiseacht | Counterculture of the 1960s (en) |
Faoi thionchar | |
Rialachas corparáideach | |
Stiúrthóir/bainisteoir | Patrick Stansfield (en) Glyn Johns Andrew Loog Oldham (1963–1967) |
Cuid de | British Invasion (en) |
Eile | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | https://rollingstones.com |
Is banna rac-cheoil é The Rolling Stones, a bunaíodh i Sasana sa bhliain 1963. Bhain an grúpa rath mór amach ar dtús sna 1960idí, agus tá siad ag seinm le chéile fós.[1]
Bunaíodh an banna i Londain sa bhliain 1962, nuair a bhuail Mick Jagger agus Keith Richards le Brian Jones. Cairde scoile ab ea Jagger agus Richards. B'é Jones a roghnaigh ainm an bhanna, tar éis líne i amhrán de chuid Muddy Waters.
Thosaigh siad an banna nua le Jagger ag canadh, Richards ag seinm an ghiotáir, Jones ag seinm an ghiotáir freisin agus ag canadh, Ian Stewart ag seinm an pianó, Mick Avery (r Tony Chapman i 1963) ar na drumaí agus Dick Taylor ag seinm an dhord-ghiotár. Bhí gig acu, agus fógraíocht "The Rollin' Stones", don chéad uair sa Marquee Club i Londain ar 12 Iúil 1962.
D'fhág Taylor tar éis tamaill chun staidéar a dhéanamh, agus tháinig Bill Wyman isteach ina áit.
Thosaigh siad ag seinm amhráin ó Chuck Berry, Muddy Waters, Bo Diddley agus na ceoltóirí eile a bhí cáiliúil ag an am. Sheinn siad go minic ag an gClub Marquee i Londain, agus d'fhás a lucht leanúna go tapa. Tháinig The Beatles chun iad a fheiceáil freisin uair amháin sa chlub seo.
Ag an am seo, b'é Jones an príomh-chumadóir sa bhanna. Ach tar éis tamaill, thosaigh Jagger agus Richards ag scríobh le chéile freisin. Fuair siad bainisteoir nua, Andrew Loog Oldham, agus shínigh siad conradh le Decca Records.
Theip ar shláinte Brian Jones agus i 1969. Meisceoir ba ea é agus bhí na baill eile den tuairim gur méiseálaí ba ea é i ndeireadh na dála. Iarradh ar Jones an banna a fhágáil. Cúpla seachtain níos déanaí, ar an 3 Iúil, báthadh é tar éis drugaí agus alcól a thógáil.