Type a search term to find related articles by LIMS subject matter experts gathered from the most trusted and dynamic collaboration tools in the laboratory informatics industry.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus chalcophile element (en) |
---|---|
Tailliam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Tl |
Uimhir adamhach | 81 |
Mais adamhach | 204.38 |
Peiriad, Grúpa | peiread 6 grúpa 13 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.62 |
Ga ianach | 1.5, 1.59, 1.7, 0.75, 0.89 agus 0.98 |
Stair | |
Aimsitheoir | William Crookes |
Fionnachtain | 1861 |
Eapainm | tallas |
Is dúil cheimiceach é an tailliam. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 204.388 g/mol. Is é dúil uimhir a 81 é, agus is é Tl an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail iar-thrasdultacha atá ann. Tá sé cosúil leis an stán, ach tagann smúit air faoi thionchar an aeir. Nimh atá ann, agus sna laethanta a bhí, ba ghnách luchóga móra agus feithidí a mharú le tailliam. Tá sé chomh nimhiúil don duine féin, áfach, go bhfuil an chuid is mó de na náisiúin shibhialta ag iarraidh éirí as an úsáid sin. Bhain a lán dúnmharfóirí úsáid as an tailliam chomh maith.
Inniu, úsáidtear an chuid is mó den tailliam sa leictreonaic, go háirithe sna leathsheoltóirí. Tá an tailliam an-bhraiteach ar an radaíocht infridhearg, nó athróidh a sheoltacht go mór má bhuaileann radaíocht den chineál sin é. Is féidir tailliam a úsáid i mbrathadóirí radaíochta eile freisin, cosúil leis na cinn a aithníonn radaighníomhaíocht.
Tá dhá staid ocsaídiúcháin ag an tailliam ina chuid comhdhúil: +1 agus +3.