Type a search term to find related articles by LIMS subject matter experts gathered from the most trusted and dynamic collaboration tools in the laboratory informatics industry.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Bealtaine 1908 Corcaigh, Éire |
Bás | 9 Márta 2002 93 bliana d'aois Perpignan, An Fhrainc |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Cumann na gCarad |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | London School of Economics Scoil Ashton |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | An tUileloscadh |
Gairm | duine den lucht gnó, daonnúlach |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
Ba bhean ghnó Éireannach agus oibrí cabhrach í Marie Elisabeth Jean Elmes (5 Bealtaine 1908 – 9 Márta 2002). Leagtar uirthi gur shábháil sí ar a laghad 200 leanbh Giúdach le linn an Uileloiscthe.
Sa bhliain 2015, ba í an chéad agus an t-aon Éireannach amháin ar bhronn Stát Iosrael 'Fíréanta i measc na Náisiún' uirthi, mar aitheantas ar a cuid oibre le linn an chogaidh chathartha sa Spáinn agus sa Dara Cogadh Domhanda.[1]
Rugadh Elmes ar 5 Bealtaine 1908 i gCorcaigh, áit a raibh gnó poitigéara ag a hathair ar Shráid Winthrop (Edward Elmes agus a mátháir Elizabeth née Waters). Edward Elmes a bhí ar dtús ó Phort Láirge, agus bhog sé go dtí Corcaigh. D'fhás Waters suas i gCorcaigh. Bhí deartháir amháin aici, John, a bhí ina dhiaidh i gceannas gnó an teaghlaigh.
D'fhreastail Elmes ar Scoil Rochelle i gCorcaigh. Ansin i 1928 chláraigh sí le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Fuair sí céim amach le chéadonóracha sa Nua-Litríocht (Fraincis agus Spáinnis) agus bronnadh bonn óir uirthi in 1931.
Sa bhliain 1935, mar gheall ar a cuid éachtaí acadúla, bronnadh scoláireacht ar Elmes chun staidéar a dhéanamh ag an London School of Economics. Fuair sí teastas i Staidéir Idirnáisiúnta chomh maith le scoláireacht chun leanúint ar aghaidh lena cuid oideachais sa Ghinéiv, an Eilvéis.
Spreag seo a suim sa bpolaitíocht agus thug uirthi dul chun na Spáinne le cabhrú leo sin a bhí gafa leis an gCogadh fuilteach Cathartha ansin.[3] I mí Feabhra 1937,chuaigh Elmes go dtí an Spáinn, ag obair in ospidéal na leanaí in Almeria. Chaith sí tréimhse ghearr ann agus ansin chuaigh sí go dtí Alicante, áit a raibh sí i mbun ospidéil ann.[4] Le linn an chogaidh chathartha sa Spáinn, thug Mary leanaí go leor slán ó bhuamaí a bhí á scaoileadh as eitleáin de chuid na Gearmáine agus na hIodáile.[5]
Nuair a rinne arm buacach Franco géarleanúint ar an taobh Poblachtach, chuaigh Mary Elmes á dtionlacan ar deoraíocht trasna na teorann go campa géibhinn Rivesaltes in aice le Perpignan na Fraince. Ar an drochuair nuair a ghabh na Gearmánaigh an taobh sin sa Dara Cogadh Domhanda, b’as an gcampa seo a thosaigh siad ag seoladh príosúnach soir go dtí na campaí marfacha inar cuireadh na céadta míle duine chun báis. Shaothraigh Mary Elmes go dícheallach ag iarraidh páistí Giúdacha a tharrtháil ón gcinniúint sin agus rinne sí éachtaí ar a son. I measc eachtraí eile, choinnigh sí páistí i bhfolach i i mbúit a gluaisteáin féin.
I mí Eanáir (nó Feabhra) 1943, gabhadh Elmes ar amhras gur chuidigh sí le héalú na nGiúdach agus cuireadh i bpríosún í. Ina dhiaidh sin, aistríodh í go príosún míchlúiteach Fresnes, a reáchtáil an Gestapo in aice le Páras, áit ar chaith sí sé mhí.
Phós sí feirmeoir, Roger Danjou agus shocraigh sí síos i bPerpignan. Bhí beirt chlainne aici, Caroline in 1946 agus Patrick in 1948.[6][7]
Ainmnítear Duais Mary Elmes i Staidéar an Uileloiscthe, arna dháileadh ag Holocaust Education Trust Ireland i ndiaidh Elmes.