Type a search term to find related articles by LIMS subject matter experts gathered from the most trusted and dynamic collaboration tools in the laboratory informatics industry.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Aibreán 1800 Baile Átha Cliath |
Bás | 17 Eanáir 1881 80 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
President of the British Science Association (en) | |
1835 – 1836 – Henry Petty-Fitzmaurice, Tríú Marcas Lansdowne → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fisiceoir, innealtóir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas
|
Fisiceoir turgnamhach a rugadh i mBaile Átha Cliath ab ea Humphrey Lloyd (16 Aibreán 1800 – 17 Eanáir 1881). Rinne sé taighde ar optaic, agus d'fhionn saghas nua athraonta a tharlaíonn le criostal dé-aiseach (1832). Réamhinis William Rowan Hamilton an feiniméan seo ar bhonn teoiriciúil. I gcriostal mar seo, bíonn dhá ais nach dtarlaíonn dé-athraonadh sna treonna sin. Fuair sé go dtarlaíonn an dá shaghas athraonta chónaigh ar leith, ceann amháin ar gha solais ag teacht amach i bhfroim chóin fholaimh ag uillinn ionsaitheach as an gcriostal, an ceann eile ar gha ag dul isteach ag uillinn ionsaitheach don chriostal i bhfoirm chóin fholaimh taobh istigh de. Le Edward Sabine, shaothraigh sé ionstraim nua chun claonas agus déine an réimse mhaighnéadaigh dhomhanda a thomhas ag an am céanna. Bhunaigh sé réadlann mhaighnéadach i gColáiste na Tríonóide i 1838. Toghadh ina phropast ar an gcoláiste é i 1867.[1]