FAIR and interactive data graphics from a scientific knowledge graph
Clár ábhair
Cathair Pheadair | |||||
---|---|---|---|---|---|
Санкт-Петербург (ru) | |||||
|
|||||
Aintiún | Anthem of Saint Petersburg (en) | ||||
Leasainm | Питер agus Piter | ||||
Ainmnithe in ómós | Naomh Peadar | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Rúis | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 5,597,763 (2024) | ||||
• Dlús | 3,890.04 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Rúisis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Northwestern Federal District (en) | ||||
Achar dromchla | 1,439 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Neva, Murascaill na Fionlainne, Griboyedov Canal (en) , Obvodny Canal (en) , Abhainn Okhta, Abhainn Bolshaya Nevka, Ekateringofka (en) , Kronverksky Strait (en) , Krjukov Canal (en) , Abhainn Malaya Neva, Abhainn Bolshaya Neva, Abhainn Slavyanka, Krestovka, Abhainn Okkervil, Abhainn Fontanka, Abhainn Moyka agus Abhainn Srednyaya Nevka | ||||
Airde | 3 m | ||||
Ar theorainn le | Cúige Leningrad Vyborgsky District (en) Lomonosovsky District (en) Vsevolozhsky District (en) Gatchinsky District (en) Tosnensky District (en) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Leningrad | ||||
Bunaitheoir(í) | Peadar Mór | ||||
Cruthú | 27 Bealtaine 1703 | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Reachtaíochta Chathair Pheadair | ||||
• Gobharnóir Saint Petersburg | Alexander Beglov (2018–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 190000–199406 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 812 | ||||
Cód ISO 3166-2 | RU-SPE | ||||
OKTMO ID (en) | 40000000 | ||||
OKATO ID (en) | 40000000000 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.spb.ru | ||||
Is cathair sa Rúis í Cathair Pheadair (Rúisis: Санкт-Петербу́рг), agus í ar an dara cathair is mó sa tír. Ba é an Sár Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703, agus í ina príomhchathair ar an tír go dtí an bhliain 1918, nuair a rinneadh príomhchathair de Mhoscó.
Ainm
Athraíodh ainm na cathrach cúpla uair i rith na mblianta.
- Rinneadh Petrograd (Петрогра́д) (1914–1924) di nuair a chuaigh na Rúisigh chun cogaidh in aghaidh na nGearmánach, agus blas na Gearmáinise ar an ainm a bhí ar an áit go dtí sin.
- Ina dhiaidh sin, tugadh Leningrad (Ленингра́д) (1924–1991) uirthi i ndilchuimhne ar Vlaidímír Léinín, ceannaire na mBoilséiveach. Nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas mar idé-eolaíocht oifigiúil, fuair an chathair a seanainm ar ais, siúd is go bhfuil an cúige (oblast) atá ina timpeall ainmnithe as Leningrad i gcónaí.
Is é Piter (Питер) an t-ainm a thugann muintir na háite féin uirthi sa ghnáthchaint, áfach. Cé nach bhfuil sí ina príomhchathair a thuilleadh, is gnách le muintir na Rúise "an Phríomhchathair Thuaidh" nó b'fhéidir "Príomhchathair an Tuaiscirt" a thabhairt uirthi (северная столица an leagan Rúisise).
Stair
Peadar Mór a bhunaigh an chathair sa bhliain 1703 ar thailte a ghabh sé ó na Sualannaigh. Iascairí Fionlannacha ba mhó a bhí ina gcónaí sna bólaí seo roimhe sin, agus bhí daingean Sualannach, Nyenskans, ann go dtí gur scrios na díormaí Rúiseacha é.
An chathair Shualannach, Nyen, a bhí bunaithe i lár na seachtú haoise déag in aice leis an daingean, bhí sí tréigthe agus dóite ag na Sualannaigh roimh ionsaí na Rúiseach féin.
Chaith Peadar blianta a óige ag déanamh staidéir san Ollainn, agus é an-tugtha do theanga na tíre sin. Mar sin, thug sé ainm ar an áit a raibh blas na hOllainnise air - Sankt-Peterburg, nó fiú Sint-Pieterburch. Ar dtús, ní raibh ann ach daingean - an daingean céanna ar a dtugtar Daingean Pheadar agus Phóil, nó Petropavlovskaya Krepost, air inniu. Ansin draenáladh na portaigh ina thimpeall, agus thosaigh tógáil na cathrach féin. Bhí innealtóirí ón nGearmáin i bhfeighil na n-oibreacha draenála, agus seirfigh Rúiseacha ag déanamh an chuid ba throime den obair.
Thairis sin, chuir Peadar d'fhiacha ar shaoir chloiche na tíre go léir teacht go dtí Cathair Pheadair, agus choisc sé aon teach cloiche a thógáil in aon chuid eile den Rúis.
Bhí Cathair Pheadair ceaptha mar "fhuinneoig na Rúise roimh an Iarthar", mar a scríobh Aileacsandar Púiscín, file náisiúnta na Rúise. Bhí sí ina cuan tábhachtach trádála, go háirithe nuair a thosaigh trádáil na Rúise agus na Breataine Móire ag fás, agus ina bunáit ag loingeas Baltach na Rúise. Go gairid i ndiaidh bhunú na cathrach féin, tógadh daingean Kronstadt in Oileán Kotlin in aice leis an gcathair, daingean atá ina chuan cogaidh inniu féin.
San 18ú agus san 19ú haois, thóg na maithe is na móruaisle páláis as éadan a chéile i gCathair Pheadair, agus is cuid súl iad inniu féin ag na cuairteoirí. Os a choinne sin, dhéanadh na tuilte an-dochar.
Sa bhliain 1861, chuir an Sár Alastair a Dó an seirfeachas ar ceal, agus saoradh seirfigh na Rúise ón mbráca.
Ar an 27 Aibreán 1906, osclaíodh an Chéad Duma sa Rúis i gCathair Pheadair.
Sa 19ú haois, huaigh na mílte scológ go dtí Cathair Pheadair ar lorg oibre, agus thosaigh na tionóntáin ag fás aníos timpeall na cathrach. Ó bhí idir lucht oibre agus chaipiteal ann, ní díol iontais é gur tháinig borradh ar an tionsclaíocht. Sna sálaí air sin tháinig an radacachas agus an Sóisialachas.
Tógadh an tIonad Lakhta sa bhliain 2018. Is é an foirgneamh is airde san Eoraip, beagnach leathchiliméadar ar airde, nó 462 méadar[1]. Tá oifigí agus pláinéadlann ann.
Oideachas
Sa bhliain 2006/2007 bhí 1,024 naíonra,716 scoileanna poiblí agus 80 gairmscoileanna. Bhí Saint Petersburg State University an ollscoil poiblí is mó le 32,000 daltaí.
Tagairtí
- ↑ Eleathanach 272. 9 Deireadh Fómhair 2017