Effects of the storage conditions on the stability of natural and synthetic cannabis in biological matrices for forensic toxicology analysis: An update from the literature

Is téarma é seabhac a dtugtar ar éin chreiche éagsúla ó fhinte éagsúla. Ní grúpa tacsanomaíochta iad na seabhaic; faightear iad sna finte Falconidae (géineas Falco) agus Accipitridae (géinis Leucopternis, Parabuteo, agus Pseudastur), mar shampla.

Gaeilge vs. Béarla

Is é “hawk” an focal Béarla a úsáidtear mar aistriúcháin ar “seabhac” go minic,[1][2] ach ní ionann an dá fhocal go hiomlán. Mar shampla, tugtar “seabhac buí” nó “seabhac gaoithe” ar “kestrel” an Bhéarla, agus “seabhac gorm” (nó “fabhcún gorm”) ar “peregrine falcon” an Bhéarla. Ar an lámh eile, tugtar “ruán aille” nó “spioróg” ar an éan a dtugtar “sparrow hawk” air i mBéarla.

Speicis roghnaithe

Tagairtí

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): seabhac” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  2. “seabhac” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-24.