Cybersecurity and privacy risk assessment of point-of-care systems in healthcare: A use case approach
Contents
Mana | fiat panis | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | foilsitheoir specialized agency of the United Nations (en) (1945–) | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla, an Spáinnis, an Rúisis, an Fhraincis, an tSínis agus an Araibis | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | Institiúid Idirnáisiúnta na Talmhaíochta | ||||
Dáta a bunaíodh | 16 Deireadh Fómhair 1945 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Digital Public Goods Alliance (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Qu Dongyu (2019–) | ||||
Máthaireagraíocht | Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe | ||||
Fochomhlacht | |||||
Úinéir de | |||||
Suíomh gréasáin | https://www.fao.org | ||||
Gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a phléann le talmhaíocht is cothú is ea an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta nó Foras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (an EBT nó an FAO, Food and Agriculture Organisation).[1]
Bunaíodh ar an 16 Deireadh Fómhair 1945 í, agus tá a príomhoifig sa Róimh.
Stiúrann an EBT taighde is suirbhéanna, foilsíonn staitisticí i leith talmhaíochta, foraoiseachta is iascaireachta, a dtáirgí is a ndáileadh.
Soláthraíonn an EBT cabhair theicniúil chun táirgiúlacht sna réimsí seo a fheabhsú, gorta a sheachaint, agus caighdeán beatha daoine faoin tuath a chur chun cinn.
Stiúrann sí taighde ar chothú, agus foilsíonn caighdeáin cothaithe is réamh-mheastacháin ar riachtanais is soláthar bia ar fud an domhain.
Ceiliúrtar an "Lá Domhanda Bia" ar an 16 Deireadh Fómhair gach blain.[2]
Tagairtí
- ↑ ““an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-14.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 231.